OPR Logo

Sraith Bileog Pleanála Nuashonraithe

Thug Oifig an Rialaitheora Pleanála faoi athbhreithniú ar na bileoga eolais pleanála ar líne i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Seirbhís na Séadchomhartaí Náisiúnta, an Ghníomhaireacht Tithíochta agus an Bord Pleanála.

Tá athbhreithniú agus nuashonrú déanta ar na bileoga, ina bhfuil eolas praiticiúil, inrochtana maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an córas pleanála, chun na hathruithe is déanaí i reachtaíocht agus i mbeartas pleanála a léiriú.

Foilsíodh na bileoga i mí Eanáir 2021 agus bhí an-ráchairt orthu. D’úsáid líon mór daoine iad chun comhairle phraiticiúil a rochtain maidir le hábhair a bhaineann le pleanáil, foghlaim faoi ghnéithe éagsúla den chóras pleanála agus chun a fháil amach conas is fearr dul i ngleic leis.

Dúirt an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen:

“Bíonn próiseas pleanála na hÉireann ag forbairt i gcónaí le riachtanais nuashonraithe dlí agus bheartais. Mar sin caithfidh bileoga pleanála Oifig an Rialaitheora Pleanála coinneáil suas le nuashonruithe rialta chun a chinntiú go gcoinníonn an pobal rochtain ar eolas saor in aisce atá éasca a thuiscint agus atá reatha maidir le gach gné den phróiseas pleanála”

Sna bileoga nuashonraithe tá eolas nua ar ábhair lena n-áirítear:

  • Díolúintí ó chead pleanála le haghaidh painéil gréine ar an díon agus na criosanna nua cosanta gréine;
  • Riachtanais phleanála maidir le ligean gearrthéarma do theach;
  • Athruithe sa reachtaíocht a bhaineann le hiarratais le haghaidh forbairt chónaitheach mhórscála inar cuireadh in áit an phróisis um Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta (FST) socruithe nua le haghaidh ‘Forbairtí Cónaithe ar Mhórscála’ (FCM);
  • Athruithe ar reachtaíocht a bhaineann le hiarratais le haghaidh síneadh ar fhad ama ceada pleanála;
  • Foilsiú treoirlínte pleanála reachtúla nua ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta;
  • Bhí an riachtanas inneachar breise a chur san áireamh sa Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (TMTT) de thoradh ar athruithe reachtaíochta ar an Treoir Eorpach;
  • Cód Cleachtais nuashonraithe na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) le haghaidh Córais Cóireála Fuíolluisce; agus
  • Tuilleadh eolais faoin gcaoi a ndéanann údaráis áitiúla gearáin a phróiseáil maidir le forbairtí neamhúdaraithe líomhnaithe.

Déantar na 15 bhileog phleanála a liostú anseo thíos agus is féidir leat iad a léamh ANSEO

  • An Córas Pleanála a Chur i Láthair
  • Treoir ar an bPlean Forbartha
  • Treoir ar Chead Pleanála
  • Treoir ar Iarratas Pleanála a Dhéanamh
  • Treoir ar Achomharc Pleanála a Dhéanamh
  • Treoir ar Fhorfheidhmiú Pleanála in Éirinn
  • Treoir ar Iarratas a dhéanamh ar Chead Pleanála chun Teach a Thógáil
  • Treoir ar Obair a Dhéanamh Timpeall an Tí
  • Forbairt Talmhaíochta agus Feirme – Na Saincheisteanna Pleanála
  • Treoir ar Chead Pleanála don Duine Gnó
  • Measúnachtaí Timpeallachta agus Pleanáil in Éirinn
  • Treoir ar Oidhreacht Ailtireachta
  • Ailtireacht sa Phróiseas Pleanála
  • Forbairt Bonneagair Straitéisigh
  • Treoir ar Ghlacadh ar Láimh Forbairtí Cónaithe Críochnaithe