Feasacht Phoiblí

Depositphotos_409908576_L-piwt2qad1qb6odbyjbfbizn5gpciim6j6y38kj0ayw

Ceann de phríomhfheidhmeanna Oifig an Rialaitheora Pleanála, dá bhforáiltear san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 (an tAcht), is ea taighde, oideachas agus oiliúint pleanála a dhéanamh. Chuige sin tá sraith acmhainní ar líne forbartha ag Oifig an Rialaitheora Pleanála, lena n-áirítear:

  • Leathanach ‘Réamhrá ar Phleanáil’ a thugann rochtain éasca ar réimse leathan ábhar atá curtha ar fáil ag an Oifig, lena n-áirítear grafaicí eolais, físeáin beoite ina mínítear, bileoga pleanála, Ceisteanna Coitianta, srl.
  • Más spéis leat tuilleadh a fhoghlaim faoi obair na bpleanálaithe nó faoi staidéar a dhéanamh ar phleanáil bailte ag an tríú leibhéal, tabhair cuairt ar an leathanach ‘Ag Éirí i do Phleanálaí’, ina bhfuil sraith agallamh le pleanálaithe agus liosta de chúrsaí pleanála in Éirinn.
  • Tá leabharlann phleanála ann freisin a thugann le chéile réimse leathan treoirlínte agus taighde ar bheartais phleanála in aon áit lárnach inrochtana amháin. Tá gluais agus liosta acrainm ar fáil lena n-úsáid mar áiseanna teicniúla agus tú ag déanamh do bhealach tríd an leabharlann phleanála.
Bunoiliúint sa Phleanáil
Ag Éirí i do Phleanálaí
The Planning Process
Planning Library
Gluais Theicniúil
Acronym List