Feasacht Phoiblí

Bunoiliúint sa Phleanáil

Tabharfaidh an t-eolas atá ar an leathanach seo bunoiliúint duit ar an gcóras pleanála. Tá sé ceaptha le tuiscint a thabhairt duit ar an ról atá ag an bpleanáil inár sochaí agus mar a oibríonn an córas pleanála. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach freisin faoi na pleananna reachtúla éagsúla, mar a ghlactar leo agus ról ORP. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin bpleanáil trína sraith de bhileoga pleanála agus eagráin den chlár teilifíse Eco Eye a bhfuil béim shonrach acu ar an bpleanáil. Áirítear anseo thíos naisc leis na bileoga agus na cláir Eco Eye. Inár gCeisteanna Coitianta tá liosta de na ceisteanna a chuirtear go coitianta agus déanfar an roinn seo a nuashonrú go leanúnach.

Tabhair cuairt ar leathanaigh Taighde agus Oiliúna ORP, le haghaidh tuilleadh eolais i dtaca lenár bhfoilseacháin taighde agus oiliúint do bhaill tofa agus baill foirne na n-údarás áitiúil agus na gcomhthionól réigiúnach.

Cad is pleanáil ann?

Cad is pleanáil ann?

Tá ról tábhachtach ag an bpleanáil inár sochaí. Cuireann sé ar ár gcumas an úsáid is fearr a bhaint as ár n-acmhainní agus ligeann sé d’fhorbairt riachtanach agus fhiúntach dul ar aghaidh. Cinntíonn sé go gcosnaítear comhshaol agus oidhreacht ár mbailte, ár gcathracha agus ár dtuaithe freisin. Rialaíonn údaráis áitiúla (ar a dtugtar ‘údaráis phleanála ‘) suíomh, méid agus cineál na forbartha trí chinntí a dhéanamh ar iarratais phleanála. Tá sé de cheart ag gach duine tuairimí a thabhairt ar chúrsaí pleanála agus cruth a chur ar phleanáil agus ar fhorbairt a gceantair. Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas tuairimí a thabhairt ar chúrsaí pleanála féach ar ár Sraith Bileog Pleanála.

Ordlathas na bPleananna in Éirinn

In 2018, d’fhoilsigh an Rialtas an Creat Náisiúnta Pleanála (NPF) mar chuid de Thionscadal Éireann 2040. Is é an creat uileghabhálach beartais agus pleanála é le haghaidh na nithe seo a leanas in Éirinn:

  • Forbairt Shóisialta,
  • Eacnamaíochta,
  • Chomhshaoil, agus
  • Chultúrtha.

Tháinig an NPF in ionad na Straitéise Spásúla Náisiúnta mar chreat pleanála na hÉireann. Ní mór beartais an NPF a chur san áireamh agus Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha agus pleananna forbartha á n-ullmhú.

Tá Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha (RSES) tagtha in ionad na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnacha. Is é cuspóir gach Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch ná a bheith ag tacú leis an NPF agus le beartais agus cuspóirí eacnamaíochta an rialtais. Is creat fadtéarmach pleanála agus eacnamaíoch é gach straitéis ar mhaithe le forbairt gach réigiúin. Roinntear Éire ina trí limistéar pleanála straitéisí:

  • Réigiún an Oirthir agus Lár na Tíre,
  • Réigiún an Deiscirt, agus
  • Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair.

Tá na réigiúin seo á rialú ag tionóil réigiúnacha. Tá tionóil réigiúnacha comhdhéanta de chomhaltaí de chuid na n-údarás áitiúil laistigh den réigiún. Glacann an tionól réigiúnach leis an Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch.

Is é an plean forbartha an príomhráiteas poiblí ar bheartais phleanála do phobal áitiúil. Leagtar amach úsáid talún, cuspóirí agus beartais taitneamhachta agus forbartha an údaráis phleanála, ar feadh tréimhse sé bliana. Is éard atá sa phlean ná ráiteas scríofa de chuspóirí agus tá léarscáileanna ann a thugann léiriú grafach ar an gcaoi a bhforbróidh agus a bhfeabhsóidh do chathair/chontae ar bhealach inbhuanaithe sa tréimhse sé bliana. Léiríonn croístraitéis an phlean go bhfuil an plean ag teacht leis na beartais Náisiúnta (NPF) agus Réigiúnacha (RSES).

Tá comhaltaí tofa (comhairleoirí) freagrach as an bplean forbartha a dhéanamh, athbhreithniú a dhéanamh air agus a athrú. Tá sé de dhualgas orthu glacadh leis an bplean le cabhair theicniúil a gcuid oifigeach (an príomhfheidhmeannach, pleanálaithe, srl.). Caithfear comhairliúchán poiblí a dhéanamh ar an bplean chomh maith.

Bíonn plean ceantair áitiúil bailí ar feadh sé bliana ón dáta a nglacann an t-údarás pleanála é.

Cén fáth a bhfuil an phleanáil tábhachtach?

Cinntíonn an phleanáil go dtarlaíonn an fhorbairt cheart san áit cheart ag an am ceart, ag dul chun tairbhe do phobail agus don gheilleagar. Tá ról ríthábhachtach aici maidir leis an bhforbairt a theastaíonn agus an áit a dteastaíonn sí a aithint. Cabhraíonn sí le cinneadh a dhéanamh maidir leis na réimsí is gá a chosaint nó a fheabhsú agus déanann sí measúnú ar oiriúnacht na forbartha atá beartaithe

Cad iad príomhghnéithe an chórais pleanála?

Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chórais pleanála:

  • pleananna forbartha a dhéanamh,
  • an gá ar chead pleanála,
  • forbairt dhíolmhaithe (i.e. mionoibreacha nuair nach dteastaíonn cead pleanála),
  • achomhairc i gcoinne cinntí pleanála, agus
  • forfheidhmiú pleanála.

Céard is plean forbartha ann?

Is é plean forbartha an príomhráiteas poiblí ar bheartais phleanála do phobal áitiúil. Leagtar amach úsáid talún, cuspóirí agus beartais taitneamhachta agus forbartha an údaráis phleanála, ar feadh tréimhse sé bliana. Is éard atá sa phlean ná ráiteas scríofa de chuspóirí agus tá léarscáileanna ann a thugann léiriú grafach ar an gcaoi a bhforbróidh agus a bhfeabhsóidh do chathair/chontae ar bhealach inbhuanaithe sa tréimhse sé bliana. Léiríonn croístraitéis an phlean go bhfuil an plean ag teacht leis na beartais Náisiúnta (NPF) agus Réigiúnacha (RSES). Tá comhaltaí tofa (comhairleoirí) freagrach as an bplean forbartha a dhéanamh, athbhreithniú a dhéanamh air agus a athrú. Tá sé de dhualgas orthu glacadh leis an bplean le cabhair theicniúil a gcuid oifigeach (an príomhfheidhmeannach, pleanálaithe, srl.). Caithfear comhairliúchán poiblí a dhéanamh ar an bplean chomh maith.

Tá na cúig phríomhchéim a bhaineann le plean forbartha a dhéanamh agus a athbhreithniú leagtha amach sa ghrafaic eolais a ghabhann léi. Tá comhaltaí tofa freagrach as plean forbartha a dhéanamh nó a athrú.

Chun tuilleadh a léamh faoi ról na gcomhaltaí tofa, tabhair cuairt ar an leathanach ‘Ról na gComhaltaí Tofa sa Phleanáil ‘.

Maidir Linn

Bunaíodh Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) go foirmiúil i mí Aibreáin 2019 de bhun moltaí a rinne an Binse Fiosrúcháin maidir le Cúrsaí Áirithe Pleanála agus Íocaíochtaí (Binse Mahon). Bhí ceapadh Rialaitheoir Pleanála neamhspleách, ag a mbeadh cumhacht chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcóras pleanála in Éirinn, ar cheann de phríomh-mholtaí an Bhinse. Cé nach comhlacht ceaptha beartais é, is é ról OPR a chinntiú go dtacaíonn údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála le ceanglais bheartais agus reachtúla an Rialtais nuair a bhíonn riachtanais beartas agus reachtúla pleanála á gcur i bhfeidhm. Cuirimid cláir éifeachtacha taighde, oiliúna agus feasachta poiblí sa phleanáil ar bun freisin d’fhonn an próiseas pleanála a neartú, agus sa chaoi is go mbeidh an pobal i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas pleanála agus go dtuigfidh siad an tábhacht atá leis.

Bileoga Pleanála

D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála agus anRoinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sraith de bhileoga pleanála a phléann le gach gné den chóras pleanála. Leis na bileoga seo clúdaítear raon leathan de shaincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a chur isteach, conas achomharc pleanála a dhéanamh, riachtanais i dtaca le hathrú úsáide, síntí le foirgnimh, garáistí, botháin teaghlaigh, forbairt talmhaíochta, etc. Tá na bileoga ar fáil saor in aisce thíos anseo agus ó d’údarás pleanála áitiúil.

Ceisteanna Coitianta

Cén uair is gá dom iarratas a dhéanamh ar chead pleanála?

Go ginearálta, teastaíonn cead pleanála uait le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine mura bhfuil díolúine shonrach ag an bhforbairt. Cuimsítear i bhforbairt, obair a dhéanamh (tógáil, scartáil, athrú) ar thalamh nó ar fhoirgnimh, iontu, os a gcionn nó fúthu agus athrú ábhair (i.e. suntasach) a dhéanamh ar úsáid talún nó foirgneamh. Mura bhfaightear cead pleanála sa chás ina bhfuil sé ag teastáil, d’fhéadfaí pionóis a bheith mar thoradh air sin (e.g. fíneálacha suntasacha agus/nó príosúnacht fiú). Beidh d’údarás pleanála áitiúil in ann comhairle a chur ort faoi seo.

Cá háit agus conas a dhéanfaidh mé iarratas ar chead pleanála?

Ní mór duit iarratas ar chead pleanála a chur isteach chuig an údarás pleanála i do cheantar féin, atá ar cheann de na 31 údarás áitiúil in Éirinn (do chomhairle cathrach nó contae). Tá foirmeacha iarratais agus eolas ar fáil ó d’údarás pleanála áitiúil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Bileog Phleanála 4 – ‘Treoir maidir le hIarratas Pleanála a Dhéanamh’. Is féidir leat dul i gcomhairle leis an údarás pleanála sula gcuirfidh tú iarratas pleanála isteach. Is minic gur smaoineamh maith é seo a dhéanamh, go háirithe mura bhfuil tú cinnte faoi bheartais phleanála áitiúla nó má tá do thionscadal casta.

An féidir liom tuairim a thabhairt nó aighneacht a dhéanamh maidir le hiarratas pleanála chuig an údarás pleanála?

Tá sé de cheart agat aighneacht a dhéanamh nó tuairim scríofa a thabhairt i leith aon iarratas pleanála ach an táille chuí a íoc. Ní mór an aighneacht a dhéanamh nó an tuairim a thabhairt i scríbhinn laistigh de chúig seachtaine ón dáta a bhfaigheann an t-údarás pleanála an t-iarratas. Más féidir, ba cheart duit uimhir thagartha an iarratais phleanála a lua. Ní mór duit d’ainm a thabhairt agus an seoladh ar cheart aon chomhfhreagras a bhaineann leis an iarratas a sheoladh chuige. Admhóidh an t-údarás pleanála go bhfuarthas d’aighneacht nó do thuairim agus cuirfear an cinneadh in iúl duit. Caithfidh d’aighneacht/do thuairim a bheith bunaithe ar chúinsí pleanála, seachas ar nithe taitneamhacha, nithe míshásaimh nó casaoidí pearsanta. I measc na mbreithnithe pleanála tá: pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus Rialtais, treoracha ón Aire, cuspóirí agus beartais an phlean forbartha, cuspóirí agus beartais an phlean ceantair áitiúil, breithnithe bainistíochta forbartha amhail dlús, soláthar páirceála, guaiseacha tráchta, breathnú amach, éifeachtaí ar thaitneamhachtaí nó ar sheirbhísí cónaithe, tionchair ar an gcomhshaol, ar thaitneamhachtaí agus ar an tsiopadóireacht, sláinte phoiblí, agus cúrsaí pleanála eile. Má tá aighneacht déanta agat nó tuairim tugtha agat, a bhfuil admháil tugtha ag an údarás pleanála ina leith, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an mBord Pleanála.

Conas a dhéantar cinntí maidir le hiarratais phleanála?

Breithníonn an t-údarás pleanála roinnt nithe agus cinneadh á dhéanamh aige ar iarratas pleanála lena n-áirítear: pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair (m.sh. úsáid chuí talún (criosú), sábháilteacht ar bhóithre, dlús forbartha, méid, suíomh, comhlíonadh cleachtas seanbhunaithe pleanála agus forbartha); forálacha an phlean forbartha; aon phlean ábhartha eile (m.sh. plean ceantair áitiúil); beartas Rialtais nó Aireachta; foráil Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta a bhaineann leis an gceantar; na cineálacha coinníollacha is féidir a cheangal; agus aon láithreán Eorpach (m.sh. Limistéir Chaomhantais Speisialta; Limistéir faoi Chosaint Speisialta).

Conas is féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a rinne údarás áitiúil?

Is féidir le duine ar bith a dhéanann iarratas ar chead pleanála, nó a rinne aighneachtaí i scríbhinn nó a thug tuairimí don údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála, achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i gcoinne cinneadh a rinne údarás pleanála. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Bileog Phleanála 5 – ‘Treoir maidir le hAchomharc Pleanála a Dhéanamh’.

Céard is forbairt neamhúdaraithe ann?

Cuimsítear faoi ‘fhorbairt neamhúdaraithe’ aon fhorbairt a dteastaíonn cead pleanála ina leith nó aon fhorbairt a sháraíonn coinníollacha a ceada pleanála. Cumhdaítear leis an téarma ‘forbairt’ réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear oibreacha a dhéanamh (m.sh. tógáil, scartáil, athrú) ar aon talamh nó aon fhoirgneamh, iontu, os a gcionn nó fúthu agus athrú ábhair (i.e. suntasach) a dhéanamh ar úsáid struchtúr nó talún. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Bileog Phleanála 6 – ‘Treoir maidir le Forfheidhmiú Pleanála in Éirinn’. Is cion é forbairt neamhúdaraithe a dhéanamh agus d’fhéadfadh aon duine a thug faoi fhorbairt neamhúdaraithe a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin. Ní féidir gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh ach amháin nuair a dhéantar forbairt gan an cead pleanála cuí.

Conas is féidir liom gearán a dhéanamh faoi fhorbairt neamhúdaraithe?

Má cheapann tú go bhfuil talamh á fhorbairt nó á úsáid ag duine éigin gan cead pleanála, nó contrártha do chead pleanála, is é an chéad chéim teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála. Agus é seo á dhéanamh agat ní mór duit a leagan amach i scríbhinn an fáth a gcreideann tú go bhfuil sé sin amhlaidh. Agus tú ag tuairisciú sárú amhrasta ar rialú pleanála, tá sé úsáideach má chuireann tú an oiread eolais agus is féidir ar fáil, lena n-áirítear: an seoladh cruinn, na dátaí agus/nó na hamanna nuair a thosaigh gníomhaíochtaí, cineál na n-oibreacha foirgníochta nó na húsáide, agus ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-úinéirí aitheanta nó na ndaoine eile atá freagrach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Bileog Phleanála 6 – ‘Treoir maidir le Forfheidhmiú Pleanála in Éirinn’.

Cén ról atá ag Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) sa phróiseas pleanála?

Bunaíodh an OPR go foirmiúil i mí Aibreáin 2019 de bhun moltaí a rinne an Binse Fiosrúcháin ar Chúrsaí agus Íocaíochtaí Áirithe Pleanála (Binse Mahon). Le bunú OPR, is é aidhm an Rialtais maoirseacht chuí ar an gcóras pleanála a fheabhsú agus torthaí ardchaighdeáin ón gcóras pleanála agus comhsheasmhacht laistigh de a chur chun cinn. Tá ról agus feidhmeanna an OPR leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 agus áirítear orthu: measúnú ar phleananna forbartha contae/cathrach na n-údarás áitiúil agus ar phleananna ceantair áitiúil, agus straitéisí réigiúnacha spásúla agus eacnamaíocha tionóil réigiúnaigh chun comhsheasmhacht a chinntiú le beartais réigiúnacha nó náisiúnta ábhartha agus ceanglais reachtaíochta pleanála agus dea-chleachtais phleanála; an t-athbhreithniú ar na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann aon údarás pleanála, lena n-áirítear an Bord Pleanála, i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna pleanála; agus gníomhaíochtaí taighde náisiúnta a thiomáint chomh maith le cláir oideachais, oiliúna agus feasachta poiblí chun tacú le cur i bhfeidhm an dea-chleachtais i bhfeidhmeanna agus i ngníomhaíochtaí pleanála. Tá tuilleadh eolais maidir le ról an OPR ar fáil anseo.