Ráiteas Inrochtaineachta

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála tiomanta dá suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach Foras san Earnáil Phoiblí) 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.opr.ie

Stádas Comhlíontachta

Tá an suíomh gréasán páirtchomhlíontach le Treoirlínte um Inrochtaineacht Inneachair Gréasáin 2.1 leibhéal AA.

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála tiomanta do shuíomh gréasáin a chur ar fáil atá inrochtana don lucht féachana is leithne agus is féidir, gan beann ar theicneolaíocht nó ar chumas. Táimid ag obair faoi láthair le IA Labs agus NCBI chun a chinntiú go gcomhlíonaimid caighdeáin inrochtana. Táimid i gcónaí ag feabhsú thaithí an chustaiméara do chách agus ag cloí leis na caighdeáin inrochtaineachta a theastaíonn.

Sna Treoirlínte um Inrochtaineacht Inneachair Gréasáin (TIIG 2.1) sainmhínítear riachtanais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí maidir le hinrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas.

Inneachar Neamh-inrochtana

Níl nascleanúint léitheora méarchláir/scáileáin inrochtana fós ar chodanna den suíomh gréasáin.

Íomhánna – táimid faoi láthair ag obair trí íomhánna chun téacs comhthéacsúil malartach a chur leo

Foirmeacha – táimid faoi láthair ag obair ar bhailíochtú agus fócas um láimhseáil earráide.

Táblaí – táimid ag obair chun táblaí atá lipéadaithe mar is ceart agus atá inrochtana a chruthú.

Téacs naisc – táimid ag obair chun “cliceáil anseo”, “léigh tuilleadh” agus aon lipéad naisc eile nach dtugann comhthéacs a bhaint. Úsáidfimid ainm naisc uathúil nuair is féidir nó lipéad ARIA.

Níor cuireadh inrochtaineacht doiciméad i bhfeidhm fós.

Inneachar atá struchtúrtha mar is ceart le dea-úsáid ceannteideal – táimid ag cruthú struchtúr loighciúil ceannteideal ar ár leathanaigh.

Comhoiriúnacht trasna córais oibriúcháin – níor cuireadh seo i bhfeidhm fós i ngach rannán. Táimid faoi láthair ag nuashonrú CSS le haghaidh ríomhairí deisce agus gléasanna móibíleacha.

Cairteacha agus grafaicí eolais – táimid ag obair tríothu seo chun roghanna eile téacs a chur ar fáil.

Nascleanúint mhóibíleach – chomh maith le comhoiriúnacht trasna córais oibriúcháin, a luaithe is a bheidh CSS nuashonraithe, déanfaimid iniúchadh le haghaidh nascleanúint mhóibíleach agus éascaíocht úsáide do léitheoirí scáileáin.

Ullmhúchán an Ráitis Inrochtaineachta seo

D’ullmhaigh IA Labs an Ráiteas, ina ndearna IA Labs meascán de thrialacha inrochtana de láimh agus go huathoibríoch ag úsáid ardáin ar nós Windows (JAWS, NVDA), Mac (VoiceOver), iOS (VoiceOver) agus Android (TalkBack) agus a n-uirlisí inrochtana dúchascha. Cruthaíodh loga saincheisteanna sonrach chun tomhas a dhéanamh de réir chaighdeáin TIIG 2.1. Cuireadh na saincheisteanna seo i láthair na foirne forbartha, atá ag leasú na saincheisteanna seo agus ag tabhairt an tsuímh gréasáin faoi chomhlíonadh TIIG 2.1 AA.

Chruthaigh IA Labs an ráiteas seo i nDeireadh Fómhair 2022.

Rinneadh an ráiteas a athbhreithniú go deireanach i nDeireadh Fómhair 2022.

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Má thagann tú ar aon fhadhbanna nach liostaítear ar an leathanach seo déan teagmháil le info@opr.ie

Nós Imeachta Forfheidhmithe

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagairt nó más mian leat saincheist inrochtana nach bhfuil bainteach leis an suíomh gréasáin seo a tharraingt anuas, is féidir leat gearán a dhéanamh trí accessofficer@opr.ie

Gearáin faoin Acht um Míchumas, 2005

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) meáite ar sheirbhísí a sholáthar atá insroichte ionchuimsitheach don uile dhuine, i gcomhréir lenár gCairt Custaiméirí

Tá oibleagáidí áirithe ar OPR faoi Mhír 3 den Acht um Míchumas, 2005 (an tAcht), mar atá, ailt 25, 26, 27 nó 28. Is éard is fócas leis na hailt seo ná rochtain ar fhoirgnimh phoiblí, ar sheirbhísí agus ar chumarsáid iomchuí.

Mar is féidir gearán a dhéanamh faoin Acht

Féadann aon duine a mheasann nár chomhlíon OPR a cuid oibleagáidí faoi na hailt seo gearán foirmeálta a chur isteach faoin Acht. Is féidir gur tú féin a dhéanfadh an gearán nó gur duine a bheadh ag abhcóideacht thar do cheann a dhéanfadh é, le do thoiliú. D’fhéadfadh sé gur abhcóide, duine muinteartha, ionadaí dlí, caomhnóir nó duine eile a bheadh ag feidhmiú thar do cheann a bheadh anseo.

Ba cheart go gcuimseodh gearáin an fhaisnéis seo a leanas:

  • d’ainm agus do chuid sonraí teagmhála;
  • pé acu atá tú ag déanamh an ghearáin thar do cheann féin nó thar ceann duine eile;
  • pé acu a bhaineann do ghearán le rochtain ar fhaisnéis, ar sheirbhísí nó ar oifigí OPR (agus déan na forais iomchuí faoin Acht a lua);
  • an fáth a measann tú an tseirbhís / fhaisnéis / foirgneamh a bheith doshroichte; agus,
  • nuair is iomchuí, pé acu a bhaineann do ghearán le gníomhartha ball foirne nó foireann faoi leith de chuid OPR

Bíonn Oifigeach Rochtana OPR ar fáil le treoir a sholáthar i dtaca le do ghearán. Is féidir gearáin a chur isteach trí accessofficer@opr.ie nó tríd an bpost chuig:

Oifig an Rialaitheora Pleanála

Teach na Páirce

191-193A An Cuarbhóthar Thuaidh,

Baile Átha Cliath 7

D07 EWV4

Le próiseas ionchuimsitheach a éascú do dhaoine atá faoi mhíchumas, is féidir, más gá, gearán a dhéanamh freisin tríd an nguthán (01-854 6700) nó duine le duine (trí choinne a dhéanamh).

Mar a dhéanaimid gearáin faoin Acht um Míchumas a phróiseáil

Tá an Rialaitheoir Pleanála, mar cheannaire OPR, tar éis Oifigeach Fiosrúchán a ainmniú le gearáin a láimhseáil, faoin Acht. Is é an ról a bheidh ag an Oifigeach Fiosrúchán ná gearán a fhiosrú agus tuairisc a ullmhú i dtaobh an fhiosrúcháin.

Aithneoimid go bhfuair muid do ghearán laistigh de chúig lá oibre.

Mura meastar an gearán a bheith bailí nó má mheastar é a bheith baoth nó cráiteach, diúltóidh an tOifigeach Fiosrúchán don ghearán agus cuirfidh sé an cinneadh seo in iúl duit.

D’fhéadfadh sé go n-iarrfadh an tOifigeach Fiosrúchán a thuilleadh faisnéise ort féin agus ar pháirtithe bainteacha eile. Iarrfar ort féin agus ar pháirtithe bainteacha eile faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de 10 lá. Mura bhfaightear faisnéis bhreise, féadann an tOifigeach Fiosrúchán leanúint den imscrúdú.

Ullmhóidh an tOifigeach Fiosrúchán tuairisc i dtaobh an fhiosrúcháin. Is éard a leagfar amach sa tuairisc:

(a) Pé acu a theip nó nár theip ar OPR cloí leis an Acht.

(b) Má theip, na céimeanna a moltar iad a ghlacadh d’fhonn comhlíonadh an Achta a fheabhsú.

Tá sé d’aidhm ag OPR freagra a chur ar fáil duit laistigh de 21 lá oibre ó dháta faighte an ghearáin. D’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann an sprioc seo a bhaint amach i gcásanna ina mbíonn faisnéis bhreise ag teastáil. Ina leithéid de chásanna, cuirfimid in iúl duit laistigh de 21 lá oibre go bhfuil an próiseas sa siúl agus cá huair a d’fhéadfá a bheith ag súil le freagra.

Is ionann é seo agus clabhsúr le himscrúdú an ghearáin. Sa chás, áfach, ina seasfaí leis an ngearán, is féidir go mbeadh bearta breise ag teastáil d’fhonn comhlíonadh an Achta a threisiú. Go fiú mura sainaithnítear aon teip, déanfaimid athbhreithniú ar an ngearán lena dhéanamh amach an bhféadfaí aon fheabhsúchán a dhéanamh lenár gcuid seirbhísí a dhéanamh níos insroichte ionchuimsithí do chustaiméirí atá faoi mhíchumas.

Cé nach próiseas poiblí é an fiosrúchán a dhéantar i dtaobh gearáin, d’fhéadfadh sé go gcuimseofaí sonraí ginearálta maidir le fiosrúchán i dtuarascáil bhliantúil OPR. Ina leithéid de chásanna, ní dhéanfaidh OPR gearánaigh faoi leith a ainmniú.

Athbhreithniú ar chinntí

Mura mbíonn tú sásta le freagairt OPR, féadann tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman. Déanann an tOmbudsman imscrúdú ar ghearáin ó dhaoine den phobal a measann gur caitheadh go míchothrom leo agus iad ag plé le comhlachtaí poiblí. Is é suíomh idirlín an Ombudsman: www.ombudsman.ie