Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 rialaítear rochtain ar fhaisnéis arna coinneáil ag comhlachtaí Stáit, lena n-áirítear an OPR.

Faoi reachtaíocht FOI foráiltear do na cearta dlíthiúla seo a leanas a bheith ag gach duine:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla arna gcoinneáil ag Ranna Rialtais nó ag comhlachtaí poiblí eile a thagann faoin Acht;
  • an ceart chun faisnéis arna coinneáil fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
  • an ceart go dtabharfaí cúiseanna leis na cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar ag na cinntí sin orthu.

Conas iarraidh FOI  a dhéanamh

Tá an OPR tiomanta do thrédhearcacht inár bpróisis oibre; dá réir sin, ní gá iarraidh FOI a dhéanamh chun faisnéis a fháil ón OPR. Tá roinnt mhaith faisnéise ar fáil don phobal tríd an láithreán gréasáin, agus má dhéanann tú teagmháil leis an Oifig, is dócha go mbeimid in ann an fhaisnéis atá tú ag lorg a chur ar fáil duit lasmuigh de riachtanais an Achta.

Nuair atá iarraidh fhoirmiúil á déanamh faoin Acht ba chóir í a threorú chuig Oifigeach um Shaoráil Faisnéise an OPR, tá sonraí teagmhála ar fáil thíos.

Tabhair ar aird go n-áireofar sonraí maidir le hiarrataí FOI inár Loga Nochta ar an láithreán gréasáin seo.

Nuair a dhéanann tú iarraidh, ba chóir duit:

  • a lua go sonrach go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht FOI;
  • na taifid atá á lorg a aithint ar bhealach soiléir agus sonrach, agus an oiread eolais agus is féidir a thabhairt dúinn chun cuidiú linn na taifid atá á lorg a aithint;
  • nuair is féidir, cuir an tréimhse lena mbaineann na taifid in iúl e.g. taifid a cruthaíodh idir an 3 Aibreán 2019 agus an 1 Meitheamh 2019;
  • cuir sonraí teagmhála ar fáil, lena n-áirítear uimhir theileafóin lae chun cumarsáid a éascú; agus,
  • nuair a iarrtar faisnéis phearsanta, beidh cruthúnas céannachta ag teastáil e.g. Ceadúnas Tiomána, Pas nó foirm chéannachta eile. Cuir cóip de cheann amháin de na doiciméid seo isteach le d’iarraidh.

De ghnáth, is laistigh de 20 lá oibre a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas a dheonú nó a dhiúltú.

Níl aon táille ag baint le hiarraidh a dhéanamh. D’fhéadfadh táillí a bheith i gceist maidir le ham a chaitear chun taifid a fháil agus cuirfear tú ar an eolas má tá siad i gceist.

Sonraí Teagmhála:

An Ceathrú hUrlár (An Sciathán Thiar)
Teach na Páirce,
Gráinseach Ghormáin,
191-193A An Cuarbhóthar Thuaidh,
Baile Átha Cliath 7
D07 EWV4

Ríomhphost: foiopr@opr.ie

Athbhreithniú agus Achomharc

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an OPR maidir le hiarraidh FOI is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh.  Measúnú eile iomlán ar d’iarraidh atá san athbhreithniú inmheánach a chuireann ball foirne níos sinsearaí d’fhoireann an OPR i gcrích.  Ba chóir iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh i scríbhinn chuig an Oifigeach FOI.

Baineann táille €30 leis an iarraidh, (€10 d’iarratasóirí a bhfuil cárta leighis acu), chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar iarraidh FOI. Níl aon táille i gceist ar iarratais ar athbhreithniú inmheánach maidir le cinneadh a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarratasóra nó chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinneadh chun táillí a ghearradh.

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an athbhreithneora inmheánaigh, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise, trí na sonraí teagmhála seo:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01-6395689
Glao áitiúil 1890-223030

Ríomhphost: info@oic.ie