slide background

Eolas maidir le Gearáin

Cuireann OPR meicníocht chóir agus neamhspleách ar fáil trínar féidir le baill den phobal gearáin a dhéanamh a  bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn údaráis áitiúla (i.e. comhairlí cathrach agus contae) in Éirinn.

Ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach féidir linn imscrúdú a dhéanamh ach ar chineálacha áirithe de ghearáin. Níl sé de chuspóir againn athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna pleanála aonair ach scrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais pleanála i gcoitinne.

Faoin reachtaíocht, ní féidir le OPR scrúdú a dhéanamh ach ar ghearáin faoi údaráis áitiúla a bhaineann le heagrú foriomlán an údaráis agus na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann sé nuair atá á fheidhmeanna pleanála á gcur i bhfeidhm aige.

Ba chóir go mbeadh na gearáin ag baint le:

  • Sáruithe rialta / arís agus arís eile ar oibleagáid údaráis a fheidhmeanna pleanála a chur i gcrích i gcomhréir le reachtaíocht agus / nó riachtanais sa bheartas náisiúnta.
  • Teipeanna suntasacha i nósanna imeachta riaracháin cearta a dtarlaíonn díbharainneachtaí agus neamhéifeachtaí tromchúiseacha i seachadadh seirbhísí pleanála don phobal i gcoitinne dá bharr.
  • Leithcheal tromchúiseach nó riosca caimiléireachta a bheith ann.

Ní dhéanfaidh OPR gearáin a mheas:

  • A bhaineann le cinnteoireacht údarás i gcásanna aonair a bhaineann le ceadanna pleanála a bhronnadh nó a dhiúltú nó cúrsaí forfheidhmithe.
  • Más rud é nach bhfuil bearta réasúnta déanta ar dtús chun an gearán a dhéanamh leis an údarás pleanála cuí nó chun aon nósanna imeachta achomhairc nó athbhreithnithe atá ar fáil a leanúint.
  • A bhaineann leis an mBord Pleanála.
  • Má tá imeachtaí dlí tosaithe cheana.
  • Má tá siad á meas cheana ag comhlacht cuí eile.

Sula ndéanfaidh tú teagmháil linn, ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar dtús do ghearán a réiteach leis an údarás cuí trí mheicníochtaí foirmiúla athbhreithnithe nó trí nós imeachta gearán inmheánach féin.

Má mhothaíonn tú go mbaineann do ghearán le OPR agus gur mhaith leat gearán a dhéanamh, bain úsáid as ár    

Is féidir leat gearán a dhéanamh tríd an bpost freisin chuig:

Oifig an Rialaitheora Pleanála

Teach na Páirce,

Gráinseach Ghormáin,

191-193A An Cuarbhóthar Thuaidh,

Baile Átha Cliath 7

D07 EWV4

Más mian leat labhairt linn faoi ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar 01 553 0207

Ach ní mór dúinn gearán a fháil i scríbhinn sular féidir linn é a mheas.

Ar dtús measfaidh OPR an bhfuil an gearán iomchuí dúinne. Cuirfimid ar an eolas láithreach thú más rud é gur féidir linn plé le do ghearán.

Tá sé d’aidhm againn gearáin a admháil laistigh de chúig lá oibre ón dáta ar a fhaightear iad.

Go minic déanann daoine teagmháil linn le gearáin nach muidne an comhlacht cuí le déileáil leo. B’fhéidir go gcuirfidh eagraíochtaí eile eolas úsáideach cuit nó go mbeidh siad ábalta comhairle a chur ort faoin mbealach is féidir leat do ghearán a chur ar aghaidh