Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 go 2018.  (I.R. Uimh. 133 de 2007, I.R. Uimh. 662 de 2011, I.R. Uimh. 615 de 2014 & I.R. Uimh. 309 de 2018)

Trí na Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (AIE), tugtar an ceart duit teacht ar Fhaisnéis faoin gComhshaol arna coinneáil ag Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) nó teacht ar fhaisnéis arna coinneáil don Oifig. De ghnáth, ní mór cinneadh a dhéanamh faoi d’iarratas chomh luath agus is féidir ach ar a dhéanaí, mí amháin ón dáta a bhfuarthas ar t-iarratas.

Cén fhaisnéis is féidir liom a iarraidh?

Is féidir leat faisnéis arna coinneáil ag an OPR nó arna coinneáil don OPR a iarraidh.  Sainmhínítear Faisnéis Comhshaoil i Rialacháin AIE, trína chinntear an méid atá ar fáil faoi Rialacháin AIE.

D’fhéadfadh sé go bhfuil an fhaisnéis comhshaoil atá tú ag iarraidh ar fáil cheana féin ar láithreán gréasáin an OPR. Sa chás go bhfuil an fhaisnéis le fáil ar ár láithreán gréasáin, ní bheidh ort dul tríd an bpróiseas AIE.

Conas a shainmhínítear Faisnéis Comhshaoil?

Is féidir Faisnéis Comhshaoil a choinneáil i bhfoirm ábhartha ar bith (lena n-áirítear i bhfoirm scríbhinn, físe, éisteachta nó leictreonach) agus is mar seo a leanas a dtugtar sainmhíniú ina leith:

  • Staid ghnéithe an chomhshaoil, mar shampla an t-aer agus an t-atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus suímh nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, limistéir le cósta agus limistéir mhara, bithéagsúlacht agus a comhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an caidreamh idir na trí ghné sin
  • Cúinsí, ar nós substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, sceití agus sceití eile amach sa chomhshaol a chuireann isteach ar ghnéithe an chomhshaoil nó a d’fhéadfadh cur isteach orthu.
  • Bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), ar nós beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a chuireann isteach ar na gnéithe agus cúinsí dá dtagraítear thuas nó a d’fheadfadh cur isteach orthu chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí atá leagtha amach chun na gnéithe sin a chosaint
  • Anailís costas is tairbhe agus anailísí agus tuairimí geilleagracha eile a úsáidtear do na bearta agus gníomhaíochtaí a luaitear thuas
  • Staid sláinte agus sábháilteachta daoine, lena n-áirítear truailliú sa bhiashlabhra, nuair is ábhartha, dálaí beatha daoine, suímh chultúir agus struchtúir thógtha a d’fhéadfadh gnéithe an chomhshaoil cur isteach orthu
  • Tuairiscí maidir le reachtaíocht chomhshaoil a chur i bhfeidhm

Faisnéis nach bhfuil ar fáil faoi Rialacháin AIE?

Ní Bhaineann Rialacháin AIE le Faisnéis Comhshaoil a éilítear a chur ar fáil faoi aon fhoráil reachtúil eile.

D’fhéadfaí faisnéis nach sainmhínítear mar Fhaisnéis Comhshaoil, agus nach bhfuil ar fáil don phobal cheana féin mar a leagtar amach thuas, a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Conas a dhéanaim iarratas AIE?

Scríobh chuig an Oifigeach AIE, Bloc C, 77 Cé Sir John Rogerson, Duga na Canálach Móire, Baile Átha Cliath, D02 VK60 nó seol ríomhphost chuig aie@opr.ie.

I do chomhfhreagras, ba chóir duit:

  • a lua go bhfuil d’iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin AIE
  • d’ainm, do sheoladh agus sonraí teagmhála ábhartha eile a chur ar fáil ar nós uimhir ghutháin
  • a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis comhshaoil atá mar ábhar i d’iarratas, agus
  • an cineál nó an modh rochtana atá inmhianaithe.

Cinneadh maidir le hIarratas

Maidir le cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas, d’fhéadfaí an fhaisnéis a iarrtar a dheonú, a dheonú i bpáirt nó a dhiúltú agus de ghnáth, ní mór é a dhéanamh laistigh de mhí amháin.

Leagtar amach foras éigeantach agus lánroghnach sna Rialacháin maidir le faisnéis a dhiúltú. In aon chás, ní mór dúinn na cúiseanna a bhaineann le diúltú a lua go sonrach i scríbhinn.

Nuair atá faisnéis á coinneáil ag údarás poiblí eile seachas an OPR, déanfaimid d’iarratas a atreorú go díreach chuig an údarás poiblí iomchuí nó cuirfimid tú ar an eolas faoin údarás poiblí iomchuí ar cheart duit iarratas a chur chuige.

Má dhiúltaítear dom teacht ar fhaisnéis, an féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh?

Is féidir. Féadfaidh tú iarraidh ar an OPR go ndéanfadh oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú inmheánach ar d’iarratas. Ba chóir go ndéanfadh tú an t-iarratas laistigh de mhí amháin ón am a bhfuair tú fógra maidir leis an gcinneadh. Cuirfidh an t-athbhreithneoir inmheánach ar an eolas thú maidir le toradh an athbhreithnithe laistigh de mhí amháin.

Sa chás nach bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI) athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist.  Ba chóir duit achomharc a dhéanamh chuig an OCEI laistigh de mhí amháin ó fuair tú cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh. Tá tuilleadh eolais maidir le hachomharc a chur ar aghaidh chuig an OCEI ar fáil anseo.

An bhfuil táille i gceist?

Níl aon táille i gceist maidir le hiarratas a dhéanamh faoi Rialacháin AIE. Mar sin féin áfach, ceadaítear faoi na rialacháin d’údarás poiblí táille réasúnach a ghearradh don chostas a bhaineann le faisnéis comhshaoil a chur ar fáil.

Tá na táillí seo a leanas leagtha amach ag an OPR:

Taifid a chuardach, a fháil agus a chóipeáil: €20.00 in aghaidh na huaire

Fótachóipeáil: €0.04 in aghaidh na bileoige

Dlúthdhiosca: €10.00

Tabharfar eolas maidir leis na táillí atá i gceist sa litir dheiridh maidir leis an gcinneadh.

Tabhair ar aird go bhféadfaí an táille a chur ar ceal nuair a mheastar go bhfuil an costas níos lú ná €100.00.

D’fhéadfaimis táillí a chur ar ceal freisin sa chás nach bhfuil sa taifead ach faisnéis phearsanta agus sa chás nach mbeadh sé réasúnach táille a ghearradh i ndáil le hacmhainn an iarrthóra.

Cúnamh maidir le hIarratais a Dhéanamh

Tá treoir maidir le feidhmeanna an OPR taifid arna gcoinneáil ag an OPR ar fáil sa Scéim Foilsithe um Shaoráil Faisnéise.

Má bhíonn aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach AIE ar an nguthán ag +353 (0)76 100 2756 nó trí ríomhphost ag aie@opr.ie.