
Bileoga Pleanála
D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála agus anRoinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sraith de bhileoga pleanála a phléann le gach gné den chóras pleanála. Leis na bileoga seo clúdaítear raon leathan de shaincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a chur isteach, conas achomharc pleanála a dhéanamh, riachtanais i dtaca le hathrú úsáide, síntí le foirgnimh, garáistí, botháin teaghlaigh, forbairt talmhaíochta, etc. Tá na bileoga ar fáil saor in aisce thíos anseo agus ó d’údarás pleanála áitiúil.
Séanadh: Tabhair do d’aire gur tháinig Cuid 17 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (Acht 2024) i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2025. Ba cheart gach tagairt don Bhord Pleanála (an Bord) sna bileoga seo a léamh mar An Coimisiún Pleanála (an Coimisiún) le héifeacht láithreach. Leanfar leis na feidhmeanna cinnteoireachta agus na freagrachtaí gaolmhara uile, lena n‑áirítear achomhairc, ceadanna, toiliú agus formheas faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go dtí go dtiocfaidh Cuid 4 d’Acht 2024 i bhfeidhm. Tabharfar na bileoga cothrom le dáta tar éis thosach feidhme Chuid 4. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin an Choimisiúin Pleanála.
Cé gur glacadh gach cúram agus an bhileog eolais phleanála seo á hullmhú, ní ghlacann Oifig an Rialaitheora Pleanála aon fhreagracht agus ní thugann aon bharántas as cruinneas, iomláine nó nádúr cothrom le dáta na faisnéise a thugtar agus ní ghlacann aon dliteanas ag éirí as aon earráid nó easnamh. Tabhair fógra faoi aon earráid nó easnamh agus aon tuairim le r-phost chuig info@opr.ie