Foilsíonn an Rialaitheoir Pleanála Tuarascáil Bhliantúil 2020

Ardú suntasach ar líon na bpleananna ar a rinneadh meastóireacht, líon na moltaí a eisíodh agus líon na ngearán a fuarthas

D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála (ORP), comhlacht maoirseachta an Stáit don phleanáil, a tuairisc bhliantúil inniu.

Léirítear sa tuarascáil go raibh ardú suntasach ar líon na bpleananna forbartha údarás áitiúil ar a rinne ORP meastóireacht in 2020. Mar thoradh air sin bhí ardú i líon na moltaí agus na dtuairimí a eisíodh le húdaráis áitiúla i dtaca lena a bpleananna a bheith ag cloí leis an mbeartas pleanála náisiúnta agus réigiúnach.

Ina theannta sin, bhí ardú mór i líon na ngearán a rinneadh le ORP i dtaca leis an gcaoi ina n-oibríonn údaráis áitiúla a bhfeidhm pleanála, agus seasadh le roinnt de na gearáin seo.

Sa tuarascáil freisin aithnítear agus tugtar tuairimí maidir le roinnt de na príomhthreochtaí a léiríonn feidhmíocht pleanála na hÉireann in 2020.

Léiriú is ea an tuarascáil seo ar an gcéad bhliain iomlán i saol ORP ó bunaíodh é in Aibreán na bliana 2019.

I measc na bpríomhthátal bhí na nithe seo a leanas:

  • Sa bhliain 2020, glacadh 18 bplean ag údaráis áitiúla a raibh meastóireacht déanta ag ORP orthu. As na 24 moladh a eisíodh i dtaca leis na pleananna seo, déileáladh leo ar fad go substainteach, seachas ceann amháin, faoin gcéim dheiridh den phróiseas pleanála,
  • Ba iad na catagóirí ba mhinice ba chúis le moltaí neamhréireacht leis na gCreat Náisiúnta Pleanála (30%) agus neamhréireacht le treoirlínte faoi thopaicí amhail bainistiú riosca tuilte, pleananna ceantair áitiúil agus pleanáil spásúil pleanáil (29%),
  • Rinne ORP meastóireacht ar 45 phlean ó údaráis áitiúla in 2020 i gcomparáid le 25 in 2019. Ar an iomlán, cuireadh 203 moladh agus tuairim (93 moladh, 110 tuairim) in iúl do na húdaráis áitiúla, ardú ó 47 in 2019,
  • Fuarthas 119 ngearán ar an iomlán in 2020 i gcomparáid le 54 in 2019. Bhain céad acu sin le nithe nár bhain le ORP. Bhí naoi ngearán déag bailí toisc gur bhain siad le hábhair a d’fhéadfadh ORP a scrúdú, i gcomparáid le hocht gcinn in 2019. Go dtí seo, seasadh le trí cinn de na 19 ngearán bailí (16%),
  • D’fhreastal breis agus 600 comhairleoir áitiúil ar oiliúint a bhain le pleanáil a bhí ann i gcomhar le Cumann Rialtas Áitiúil na hÉireann.

Ag labhairt dó faoi ná tátail, dúirt an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen:

“D’ainneoin na paindéime, inár gcéad bhliain iomlán oibríochta bhí arduithe suntasacha i scála ár ngníomhaíochtaí agus ina dtionchar ar fheabhsúchán ar an bpleanáil in Éirinn.

Mar thoradh ar an ardú mór ar líon na meastóireachtaí, na dtuairimí agus na moltaí a rinneamar inár scrúdú ar phleananna na n-údarás áitiúil a mhúnlaíonn an todhchaí dár bpobail, fágtar gur féidir leis an bpobal muinín a bheith acu go gcuireann siad beartas tábhachtach an rialtais i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Áirítear leis na beartais sin spriocanna chun athghiniúint cathrach agus tuaithe a bhaint amach, na leibhéil agus suíomhanna cuí chun talamh a zónáil, tithíocht ardchaighdeáin agus inacmhainne a sheachadadh, a chinntiú go mbeidh láir bailte agus cathracha bríomhara ann agus a chinntiú go mbainfear amach ár spriocanna i dtaca le hathrú aeráide.

Ábhar misnigh is ea an scéal gur chuir na húdaráis áitiúla formhór mór dár moltaí i bhfeidhm sna pleananna sin a glacadh in 2020. Ní raibh orainn ach aon mholadh amháin a eisiúint don Aire, a bhain leis an bhforbairt a bhí beartaithe ag Comhairle Contae Chorcaí ar ionad miondíola mór lasmuigh de bhaile. Tugann sé seo le fios go bhfuil torthaí pleanáil níos fearr ann agus sa deireadh thiar thall go gcruthófar pobail níos fearr ó thaobh maireachtála agus inbhuanaitheachta de..

Chomh maith leis sin fuaireamar leibhéal breise de ghearáin a bhain leis an bpleanáil, a raibh cuid mhór acu ag baint le ceisteanna aonair pleanála a bheadh níos mó in oiriúint d’achomhairc nó forfheidhmiú pleanála ar leibhéal an údaráis áitiúil agus nach raibh ábhartha dár ról ag féachaint ar chórais fhoriomlána in údaráis áitiúla.

É sin ráite, táimid ag seasamh le níos mó de na gearáin bhailí i ndiaidh ár bhfiosruithe agus mar thoradh orthu seo tá feabhsuithe ag teacht ar chórais pleanála atá á n-oibriú ag na húdaráis áitiúla. Léiríonn sé seo go bhfuil an pobal agus ár bpáirtithe leasmhara níos mó ar an eolas faoinár ról tábhachtach lena chinntiú go n-úsáidfidh na húdaráis áitiúla na córais agus na nósanna imeachta cearta chun a bhfeidhmeanna pleanála a chur i bhfeidhm.”

Sa tuarascáil freisin sainaithnítear agus luaitear tuairimí faoi roinnt de na príomhthreochtaí a léiríonn feidhmíocht pleanála na hÉireann in 2020.

  • Fuair 44,538 aonad cónaithe cead pleanáil in 2020, ardú 13.5% ar 2019.
  • Bhí Baile Átha Cliath agus a cheantar máguaird i dTionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre (EMRA) chun tosaigh i leibhéal na dteaghaisí a ceadaíodh, ag ardú go 74% (32,867 teaghais) den bhfigiúr náisiúnta, ardú ó 64% (25,673 teaghais) in 2019. Bhí beagnach 64% de na teaghais go léir a ceadaíodh i limistéar EMRA lonnaithe laistigh de na ceithre údaráis áitiúil i mBaile Átha Cliath.
  • Tá leibhéil na n-iarratas pleanála a dúirt na húdaráis áitiúla go raibh siad neamhbhailí ag ardú gach bliain ó 2016 (14.3%) go 17.1% in 2020 agus bíonn éagsúlacht leathan iontu idir na húdaráis áitiúla.
  • De réir na fianaise starógaí tá ró-ualach tromchúiseach ar neart údarás áitiúil.
  • Mar thoradh ar an bpaindéim leagadh fócas géar ar na seirbhísí ar líne ó na húdaráis áitiúla.

Ag labhairt dó faoi na torthaí sin, dúirt Niall Cussen:

“Is mór an chreidiúint do phróiseas pleanála i gcoitinne gur choimeád an Bord Pleanála, údaráis áitiúla agus an Roinn Tithíochta, Údaráis Áitiúil agus Oidhreachta, oiread agus a d’fhéadfadh, de seirbhísí pleanála a sholáthar d’ainneoin srianta na paindéime.

Mar shampla, i bhfianaise na gcúinsí, is iontach an rud é go raibh ardú ar an iomlán ar líon na n-aonad cónaithe a fuair cead pleanála.

Ábhar misnigh dom freisin ab ea an leibhéal níos airde de cheadanna pleanála do thithíocht a ceadaíodh thar na ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath i gcomparáid le ceadanna a bhí lonnaithe níos mó i bhfobhailte. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil an bunús ann d’fhorbairt uirbeach níos inbhuanaithe agus do sraoilleáil uirbeach níos lú más féidir na ceadanna uirbeacha sin, go háirithe d’árasáin, a ghníomhachtú ar leibhéal níos mó agus a sholáthar ar phraghas réasúnta, rud ar a dhíríonn plean gnímh an Rialtais “Tithíocht do Chách”, mar is ceart.

Ach tá roinnt dúshlán ann fós. Bíonn fadhbanna ann i gcónaí lena chinntiú go sásaíonn iarratais pleanála riachtanais dhlíthiúla le cur isteach ar an gcéad dul síos, le leibhéil neamhbhailithe ag ardú. Tá comharthaí láidre ann freisin go bhfuil tearc-achmainní tromchúiseacha i ranna pleanála na n-údarás áitiúil pleanáil agus muid ag tosú ar anailís a dhéanamh ar na saincheisteanna seo inár gClár Athbhreithnithe 2021.

De bharr na paindéime freisin, cuireadh fócas géar na seirbhísí ar líne ó na húdaráis áitiúla, agus aibhsítear go bhfuil sé thar am seirbhís réidh ar líne a bheith ar fáil, go háirithe i dtaca le córais iarratais pleanála ar líne. Tá an seachadadh de raon leathan de sheirbhísí ar líne ar bun ach cuireadh moill mhór air agus is ceacht é seo atá le foghlaim agus le cur san áireamh ó thaobh acmhainní de.”

Mapa Scéil

Cuirtear an tuarascáil bhliantúil i láthair i bhformáid nuálaíoch mapa scéil. Léirítear ann obair ORP ar bhealach idirghníomhach agus spéisiúil. Foireann inmheánach geospásúil ORP a d’fhorbair an mapa scéil.

Bunaíodh Oifig an Rialaitheora Pleanála (ORP) go foirmiúil i mí Aibreáin 2019 de bhun moltaí a rinne an Binse Fiosrúcháin maidir le Cúrsaí Áirithe Pleanála agus Íocaíochtaí (Binse Mahon).

Is é an cuspóir atá leis maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeabhsúchán leanúnach ar phróiseas pleanála na hÉireann agus a thorthaí trí stiúradh ar an gcomhordú ar fhorfheidhmiú na mbeartas pleanála thar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, bonn eolais níos láidre a fhorbairt agus a chinntiú go ndéanfar athbhreithnithe rialta ar an bhfeidhmíocht ag údaráis pleanála agus an Bord Pleanála.

Léigh an Tuarascáil Bhliantúil

Féach ar an Mapa Scéil

  1. I bhFeabhra 2020, d’eisigh ORP Dréacht-Treoir leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag moladh dó a chumhachtaí reachtúla a úsáid le hiallach a chur ar Chomhairle Contae Chorcaí na bearta riachtanacha a dhéanamh lena chinntiú go gcuirfí moladh ORP i bhfeidhm i dtaca le hathrú na Comhairle ar Phlean Forbartha Contae Chorcaí 2014. Leis an athrú, aithníodh ionad roghnach d’ionad miondíola le freastal ar limistéar cathrach Chorcaí. Tá cóip den mholadh seo ar fáil anseo.