Caint tugtha ag an Rialaitheoir ag Cruinniú Mullaigh Réadmhaoine

Ag labhairt inniu ag Cruinniú Mullaigh Réadmhaoine 2019, leag an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen béim go mbeidh dea-thionchar suntasach ar shaintréithe agus bonneagar na n-áiteanna ina mairimid trí athruithe a dhéanamh ar an gcultúr a bhaineann leis an bpróiseas pleanála.

“Roimhe seo, bhí claonadh sa tír seo leanúint de phátrún ad-hoc seachas pátrún a bhí faoi stiúir plean. Tá athrú ag teacht air sin go mear – agus cuirtear fáilte roimhe sin.

Leagtar amach i mbeartas an Rialtais, trína Chreat Náisiúnta Pleanála nuálach atá tacaithe le hinfheistíocht faoin gCreat Náisiúnta Pleanála, fís uileghabhálach agus uilechuimsitheach d’fhorbairt agus d’infheistíocht sa tír. Thar aon rud eile, ní uaillmhianta atá sna pleananna seo mar gheall ar an athbheochan geilleagrach sa tír agus bainfear amach iad faoi Thionscadal Éireann 2040.

Trí chur chuige faoi stiúir plean a bheith i bhfeidhm, cuirtear tithe nua ar fáil níos gaire do cheantair uirbeacha gan a bheith ag síneadh amach ó imeall cathracha. Ciallaíonn sé sin go mbeidh deiseanna fostaíochta nua ar fáil in áiteanna nach mbíonn turais fhada chun na hoibre i gceist leo, agus go mbeidh níos mó ama ag daoine dá dteaghlach agus do chaithimh aimsire dá bharr sin. Tá bonneagar áitiúil faoi leith ar nós scoileanna, páirceanna agus glasbhealaí mar chuid den fhís.

Cé gur straitéisí náisiúnta na straitéisí atá luaite, is ag an leibhéal áitiúil is mó a chaithfear an obair a dhéanamh. Faoi láthair, tá údaráis áitiúla ar fud an stáit ag cur pleananna forbartha le chéile, trína leagfar amach agus trína múnlófar an chaoi ina dtiocfaidh fás, forbairt agus borradh ar na céadta pobal.

Braitheann torthaí maithe pleanála go mór ar rannpháirtíocht fheasach agus ghníomhach ó phobail áitiúla in éineacht le foirne pleanála agus baill thofa údaráis áitiúil. Bhíodh sé amhlaidh sa tír seo nach mbeadh rannpháirtíocht phoiblí sa phleanáil chomh maith is a d’fhéadfaí a bheith. Dá bharr sin, tá sé i gceist ag an OPR feachtais oiliúna agus feasachta a eagrú chun cuidiú le rannpháirtíocht níos láidre agus níos éifeachtaí a fhorbairt leis an bpobal ag luathchéimeanna an phróisis pleanála.

Tá sé mar sprioc againn ár gcur chuige a shaibhriú i ndáil le pleanáil atá eolach agus rannpháirteach.”

Léigh cur i láthair Niall>>

Ag an 6ú Cruinniú Mullaigh Náisiúnta Réadmhaoine i mbliana, rinneadh athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le Plean Gníomhaíochta Atógáil Éireann an rialtais. I measc na n-ábhar eile bhí nuálaíocht sa tógáil, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá roimh an earnáil cíosa go fóill, aghaidh a thabhairt ar inacmhainneacht agus teacht ar réitigh i ndáil le forbairt níos dlúithe agus forbairt inbhuanaithe.