Tús curtha ag Oifig an Rialaitheora Pleanála le hOiliúint do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil

Chuir Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) in éineacht le hAontas Rialtas Áitiúil na hÉireann (AILG) tús le hoiliúint do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil le dhá sheisiún a raibh freastal maith orthu i Luimneach agus i nDún Dealgan an 10 agus an 12 Deireadh Fómhair faoi seach.

Ba é cuspóir na hoiliúna eolas feabhsaithe a chur ar fáil do na comhaltaí tofa maidir leis an bpróiseas pleanála, a gcuid ról agus freagrachtaí laistigh den chóras pleanála, mar aon lena gcuid feidhmeanna maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a chinntiú, a athdhearbhú.

Is iad na daoine seo a leanas a labhair leis na toscairí:

  • Damien English, TD An tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, (DHPLG) ar a bhfuil freagracht speisialta i leith Tithíochta agus Forbairt Uirbeach
  • Niall Cussen, An Rialaitheoir Pleanála : An cuspóir atá leis an OPR sa Chóras Pleanála
  • Stewart Logan, Comhairleoir Pleanála Sinsearach, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (Luimneach): Ár gCóras Pleanála: Comhthéacs Reachtúil agus Beartais
  • Colin Ryan, Comhairleoir Pleanála Sinsearach, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (Dún Dealgan): Ár gCóras Pleanála Comhthéacs Reachtúil agus Beartais
  • Pat Ledwidge, Iar-Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Chorcaí: Comhaltaí Tofa agus an Coiste Feidhmiúcháin

Bhí an seisiún oiliúna seo ar an gcéad cheann de shraith seisiún oiliúna d’ionadaithe tofa. Go sonrach, chlúdaigh sé an cuspóir atá le pleanáil agus an creat reachtúil/beartais a bhaineann léi, na róil agus freagrachtaí atá ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus Comhaltaí Tofa, an cuspóir atá leis an OPR sa chóras pleanála agus ról an phobail sa phróiseas pleanála & i dtorthaí sa phleanáil.

Léigh na cuir i láthair

Chomh maith leis sin, cuireadh cáipéisí OPR ar fáil don lucht freastail a bhaineann le An Creat Riaracháin agus Dlíthiúil maidir le Pleanáil agus Treoir an OPR maidir leis an bPróiseas Pleanála. 

Sna míonna atá le teacht, beidh an OPR ag eagrú seisiúin eile don todhchaí, déan teagmháil leis an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha i d’Údarás Áitiúil ábhartha. Tabhair ar aird gur do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil amháin an oiliúint seo.

Maidir le AILG

Acmhainn líonraithe, forbartha beartais agus oiliúna do chomhaltaí tofa sna tríocha is a haon Comhairle Contae agus Cathrach in Éirinn atá in AILG. Trína “Clár Oiliúna do Chomhaltaí Tofa” cuirtear oiliúint ar fáil ar fud réimse leathan fheidhmeanna agus ghníomhaíochtaí gaolmhara na n-údarás áitiúil.

Ceannscríbhinn: Niall Cussen, an Rialaitheoir Pleanála (sa lár) in éineacht le comhairleoirí contae a d’fhreastail ar sheimineár oiliúna an AILG le gairid.