Síneadh curtha le tréimhse rannpháirtíochta poiblí maidir leis an gcóras pleanála

D’aontaigh an Rialtas, ar iarratas ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., ordú a dhéanamh, a bhfuil mar éifeacht leis síneadh ar feadh tréimhse trí seachtaine a chur le tréimhse rannpháirtíochta poiblí sa chóras pleanála.

Dúirt an tAire: “Táimid anois i dTréimhse nach bhfacthas riamh cheanna. Táimid ag iarraidh go bhfanfaidh daoine sa bhaile, agus go bhfanfaidh daoine aosta agus daoine leochaileacha istigh uilig agus nach dtéann daoine eile amach ach amháin do chuspóirí riachtanacha. De bharr na srianta nua seo ar ghluaiseachtaí daoine, tá sé tábhachtach síneadh a chur le tréimhsí rannpháirtíochta poiblí sa chóras pleanála, chun a chinntiú go gcloítear le hionracas cinnteoireachta agus chun a chinntiú go bhféadfaidh déanamh pleananna ar fhorbairtí nua leanúint ar aghaidh. Leanfar ar aghaidh leis an obair le linn na srianta nua seo chun go mbeidh an córas pleanála ábalta dul i mbun an róil ríthábhachtaigh atá aige maidir le tacú leis an aisghabháil.”

Beifear fós ábalta iarratais phleanála a dhéanamh tríd an bpost, agus tá údaráis ábalta teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí trí mheán leictreonach, agus glacadh le haighneachtaí ar an bpost agus trí mheán leictreonach. Tá córais ar líne ag an gcuid is mó de na húdaráis chun iarratais phleanála a scrúdú. Beidh an síneadh ama seo i gceist le hachomhairc phleanála chomh maith, a bheidh an Bord Pleanála fós á bhfáil ar an bpost.

Cuirfidh na hOrduithe atá déanta ag an Aire agus ag an Rialtas 23 lá breise leis na tréimhsí ama reachtúla chun iarratais phleanála a phróiseáil laistigh de na hAchtanna Pleanála. Déantar seo chun an tréimhse idir seo agus Domhnach Cásca a ghlacadh san áireamh, tréimhse ina bhfuil iarrtha ar dhaoine fanacht sa bhaile, seachas an teach a fhágáil do chuspóirí riachtanacha, áirítear air seo tréimhse ghairid ina dhiaidh sin chun a chinntiú go dtugtar fógra sásúil maidir le socruithe athbhreithnithe.

Beidh tionchar aige seo ar an am a thógfaidh sé iarratais phleanála a phróiseáil, ar dhá bhealach:

  • Sa chás gur cuireadh iarratas ar aghaidh roimh an 21 Feabhra 2020, tá an tréimhse rannpháirtíochta poiblí curtha i gcrích, agus mar sin, tá údarás pleanála ábalta cinneadh a dhéanamh laistigh den sprioc sínithe;
  • Sa chás gur cuireadh iarratas ar aghaidh tar éis an dáta sin ach roimh an 29 Márta 2020, ní fhéadfar cinneadh a dhéanamh go dtí tar éis an 20 Aibreán 2020 chun a chinntiú go bhfuil an ghné maidir leis an tréimhse rannpháirtíochta poiblí curtha i gcrích;
  • Sa chás gur cuireadh iarratas ar aghaidh tar éis an 29 Márta 2020, ní fhéadfaidh an tÚdarás Pleanála cinneadh a dhéanamh go dtí go gcuirfear tús leis an tréimhse cúig seachtaine i ndáil le comhairliúcháin phoiblí ar an iarratais, agus ní chuirfear tús leis sin anois go dtí tar éis an 20 Aibreán 2020.

Comhréitigh ghearrthéarmacha ach riachtanacha iad seo maidir leis an bpróiseas pleanála chun a chinntiú go bhféadfaidh an córas pleanála leanúint de bheith ag feidhmiú agus chun ionracas maidir le cinnteoireachta a chinntiú sna seachtainí amach romhainn.

Tá an Roinn ag moladh chomh maith d’údaráis phleanála cruinnithe poiblí maidir le gach Plean siar le linn thréimhse an tsínidh.  Áirítear air seo Plean Forbartha, Athruithe ar Phleananna Forbartha agus próisis maidir le Pleananna Ceantair Áitiúil.  Meastar go bhfuil sé seo riachtanach mar go mbíonn rannpháirtíocht leis an bpobal riachtanach le próisis mar seo, go háirithe cruinnithe poiblí.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Murphy: “Tá ról tábhachtach ag an gcóras pleanála agus forbartha i dtacaíocht a thabhairt d’fhorbairt eacnamaíochta na tíre agus beidh an ról sin ríthábhachtach i dtacaíocht a chur ar fáil i ndáil le gníomhaíocht shóisialta agus eacnamaíochta nuair atá deireadh le géarchéim COVID-19.   Táim fíorbhuíoch d’fhoireann na n-údarás áitiúil as a gcuid iarrachtaí an córas pleanála a choinneáil ag obair agus oscailte do ghnó a dhéanamh le linn na tréimhse seo.  Tacófar le hionracas na cinnteoireachta leis na bearta atá á nglacadh inniu, trína chinntiú nach maolaítear rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas de bharr na srianta reatha .”