Seolann an tAire Burke sraith nua de bhileoga pleanála

Cuideoidh an tsraith nua le d’fhiosruithe pleanála a fhreagairt

Sheol Peter Burke TD, Aire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil sraith nua de bhileoga eolais pleanála ar líne inniu ina bhfuil eolas praiticiúil inrochtana ar an gcaoi ina n-oibríonn an córas pleanála agus cén chaoi is fearr páirt a ghlacadh ann.

San bileoga, mínítear gnéithe éagsúla den chóras pleanála ar bhealach soiléir agus gonta. Freagraítear ceisteanna agus tugtar comhairle ar aon de thopaicí a bhaineann leis an bpleanáil. Is é cuspóir na mbileog an córas pleanála a dhéanamh níos soiléire don phobal agus eolas a thabhairt do dhaoine conas is féidir leo páirt a ghlacadh ann.
Is í Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) a chruthaigh na bileoga i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Sheol an tAire Burke na bileoga inniu ag seimineár gréasáin oiliúna do bhaill tofa na n-údarás áitiúil eagraithe ag OPR agus Cumann Rialtais Áitiúil na hÉireann (AILG).

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Burke:

“Le pleanáil cheart ar fud ár bpobal athraítear saolta. Féach ar aon áit is féidir leat smaoineamh orthu ina mbaineann daoine tairbhe as ardcháilíocht na beatha agus feicfidh tú áit atá treoraithe ag an bpleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe.

Tá an phleanáil casta, tá gá le fís agus tiomanta fadtéarma le rath a bheith air ach thar aon rud eile tá gá le daoine – gnáthdhaoine – le hobair ar son na cúise agus a chuspóir a bhaint amach.

Ach uaireanta measann daoine gur leis na saineolaithe nó lena n-ionadaithe polaitiúla amháin an phleanáil agus bíonn siad féin ag streachailt leis.

D’fhonn an saoránach a chur ar ais i gcroílár an phróisis phleanála, is gá ar an gcéad dul síos go mbeidh eolas ceart, faisnéis agus méadú feasachta ann. Beidh gá againn leis an bhfeasacht seo don teacht aniar ó COVID-19 agus do dhul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid, tithíocht agus cúrsaí eile sa chaoi ina ndéanaimid forbairt.

Is chuige sin atá – inniu – atáim ag seoladh sraith de bhileoga eolais don phobal atá éasca le húsáid maidir le feidhmiú an phróisis phleanála agus ról na ndaoine sa phróiseas sin.

Céim bheag ach ríthábhachtach is ea na bileoga seo in obair Oifig an Rialaitheora Pleanála a bhunaigh a Rialtas le, i measc nithe eile, feabhas a chur ar fheasacht an phobail maidir le tairbhí na pleanála agus a ról sa mhúnlú ar phobail ar mhaithe leis an leas coiteann.

Ag teacht san ionad ar bhileoga a d’fhoilsigh mo Roinn siar sna 1990í, creidim go mbeidh na bileoga atá cruthaithe ag OPR i gcomhpháirtíocht le mo Roinn agus Institiúid Pleanála na hÉireann ina n-uirlis fíor-luachmhar don sealbhóir tí atá ag smaoineamh ar fheabhas a chur ar a dteach, don duine gnó atá ag forbairt a n-áitribh nó d’aon duine atá ag iarraidh tuilleadh a bheith ar eolas acu faoin bpleanáil agus faoin ról ann.”

Seo a leanas teidil na bileog:
• An Córas Pleanála – Buntreoir
• Treoir don Phlean Forbartha
• Treoir faoi Chead Pleanála
• Treoir chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh
• Treoir chun Achomharc Pleanála a Dhéanamh
• Treoir don Fhorfheidhmiú Pleanála in Éirinn
• Treoir chun Cead Pleanála a Iarraidh le Teach a Thógáil
• Treoir faoi Obair a Dhéanamh Timpeall an Tí
• Forbairt Talmhaíochta agus Feirme – Na Saincheisteanna Pleanála
• Treoir do Phleanáil don Duine Gnó
• Measúnacht Comhshaoil agus Pleanáil in Éirinn
• Treoir don Oidhreacht Ailtireachta
• An tSeandálaíocht sa Phróiseas Pleanála
• Forbairt Bonneagair Straitéisigh

Dúirt an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen;
“Feidhm thábhachtach de chuid OPR is ea feasacht an phobail agus tuiscint níos fearr ar an bpróiseas pleanála a chur chun cinn. Cuidíonn na bileoga seo go mór leis an bpróiseas seo agus acmhainn phraiticiúil iontach a bheidh iontu.

Tá OPR ag obair le rannpháirtíocht sa phróiseas pleanála a chur cun cinn. Ceann de na róil is tábhachtaí atá againn is ea daoine a spreagadh le cuidiú le cinntí a mbeidh tionchar inbhraite acu ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu agus ina n-oibríonn siad, le bheith ar an eolas faoin gcaoi ina mbíonn tionchar ag an bpleanáil orthu agus a bheith eolach ar an gcaoi le páirt a ghlacadh sa chóras.

Trí shaoránaigh a chumhachtú leis an eolas faoin gcaoi ina bhfeidhmíonn an phleanáil cuideofar le próiseas pleanála na hÉireann a neartú agus ginfear torthaí pleanála níos fearr do dhaoine aonair agus do phobail.

Tá na bileoga ar fáil ar www.opr.ie/planning-leaflets/. Cuirfear ar fáil freisin iad ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil, na leabharlann agus na n-ionad eolais do shaoránaigh.