Dátaí sínidh maidir le comhchomhairliúchán poiblí deimhnithe ag Ceithre Chomhairle

Dheimhnigh ceithre údarás áitiúla spriocdhátaí nua maidir le comhchomhairliúchán poiblí i ndiaidh chinneadh an Rialtais síneadh a chur le tréimhsí rannpháirtíochta poiblí maidir leis an gcóras pleanála ar feadh tréimhse trí seachtainí mar gheall ar an Acht um Bearta Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (Covid-19), 2020.

Cé go bhfuil cruinnithe poiblí maidir le pleananna curtha ar fionraí, is féidir leat páirt a ghlacadh go gníomhach sa phróiseas pleanála agus is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh via tairseach ar líne an údaráis áitiúil nó i scríbhinn, agus is féidir na sonraí chun seo a dhéanamh a fháil ach cliceáil ar na naisc thíos.

Leagann pleananna forbartha contae agus limistéir áitiúil an straitéis maidir le fás agus forbairt limistéar áitiúil amach anseo amach.    Téann siad i ngleic le saincheisteanna a mhúnlaíonn atá i ndán go fadtéarmach do limistéar lena n-áirítear saincheisteanna mar thithíocht, seirbhísí uisce, fuinneamh, iompar, athrú aeráide agus an timpeallacht.

Is é an cuspóir atá le hathruithe ná uasdátú nó leasú a dhéanamh ar phleananna atá ann cheana.

Trí aighneacht a dhéanamh ar pháipéar saincheisteanna, ar athrú nó ar dhréacht-phlean forbartha chontae tá páirt ghníomhach glactha agat i do phobal agus tá tú ag cuidiú lena bhfuil i ndán dó a mhúnlú.

An tÚdarás Pleanála Teideal Tús na

tréimhse comhchomhairliúcháin

Spriocdháta comhchomhairliúcháin bunaidh Spriocdháta comhchomhairliúcháin nua *
Comhairle Chontae Lú:

 

 

(Ath-fhógairt)
Athrú beartaithe Uimh. 2 ar Phlean Forbartha Chontae Lú 2015-2021
24 -Márta-20 27-Aibreán-20 20 -Bealtaine-20
Comhairle Chontae na hIarmhí >>

 

 

Dréacht-Phlean Forbartha Chontae na hIarmhí 2021-2027 28-Feabhra-20 05-Bealtaine-20 28-Bealtaine-20
Comhairle Chontae Chorcaí >>

 

 

Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022-2028 12-Márta-20 07-Bealtaine-20 02-Meitheamh-20
Comhairle Chontae Ros Comáin >>

 

Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Contae

2021-2027

27-Márta-20 05-Meitheamh-20 28-Meitheamh-20

*Tabhair ar aird le do thoil go bhfeadfaí síneadh(síntí) eile a chur leis na dátaí atá tugtha i ndáil le hOrdú Airí.