Dheimhnigh ceithre údarás áitiúla spriocdhátaí nua maidir le comhchomhairliúchán poiblí i ndiaidh chinneadh an Rialtais síneadh a chur le tréimhsí rannpháirtíochta poiblí maidir leis an gcóras pleanála ar feadh tréimhse trí seachtainí mar gheall ar an Acht um Bearta Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (Covid-19), 2020.
Cé go bhfuil cruinnithe poiblí maidir le pleananna curtha ar fionraí, is féidir leat páirt a ghlacadh go gníomhach sa phróiseas pleanála agus is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh via tairseach ar líne an údaráis áitiúil nó i scríbhinn, agus is féidir na sonraí chun seo a dhéanamh a fháil ach cliceáil ar na naisc thíos.
Leagann pleananna forbartha contae agus limistéir áitiúil an straitéis maidir le fás agus forbairt limistéar áitiúil amach anseo amach. Téann siad i ngleic le saincheisteanna a mhúnlaíonn atá i ndán go fadtéarmach do limistéar lena n-áirítear saincheisteanna mar thithíocht, seirbhísí uisce, fuinneamh, iompar, athrú aeráide agus an timpeallacht.
Is é an cuspóir atá le hathruithe ná uasdátú nó leasú a dhéanamh ar phleananna atá ann cheana.
Trí aighneacht a dhéanamh ar pháipéar saincheisteanna, ar athrú nó ar dhréacht-phlean forbartha chontae tá páirt ghníomhach glactha agat i do phobal agus tá tú ag cuidiú lena bhfuil i ndán dó a mhúnlú.
An tÚdarás Pleanála | Teideal | Tús na
tréimhse comhchomhairliúcháin |
Spriocdháta comhchomhairliúcháin bunaidh | Spriocdháta comhchomhairliúcháin nua * |
Comhairle Chontae Lú:
|
(Ath-fhógairt) Athrú beartaithe Uimh. 2 ar Phlean Forbartha Chontae Lú 2015-2021 |
24 -Márta-20 | 27-Aibreán-20 | 20 -Bealtaine-20 |
Comhairle Chontae na hIarmhí >>
|
Dréacht-Phlean Forbartha Chontae na hIarmhí 2021-2027 | 28-Feabhra-20 | 05-Bealtaine-20 | 28-Bealtaine-20 |
Comhairle Chontae Chorcaí >>
|
Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022-2028 | 12-Márta-20 | 07-Bealtaine-20 | 02-Meitheamh-20 |
Comhairle Chontae Ros Comáin >>
|
Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Contae
2021-2027 |
27-Márta-20 | 05-Meitheamh-20 | 28-Meitheamh-20 |
*Tabhair ar aird le do thoil go bhfeadfaí síneadh(síntí) eile a chur leis na dátaí atá tugtha i ndáil le hOrdú Airí.