opr logo over a backdrop

An chéad Rialaitheoir Pleanála de chuid na hÉireann ceaptha ag an Rialtas

Tá sé fógartha ag Eoghan Murphy TD, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas an tUas. Niall Cussen a cheapadh ina Rialaitheoir Pleanála, an chéad rialaitheoir dá leithéid in Éirinn. Beidh sé i gceannas ar oifig nua ar a dtabharfar Oifig an Rialaitheora Pleanála. Moladh go gceapfaí an tUas. Cussen tar éis próiseas earcaíochta oscailte ar reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é.

Faoi láthair, tá an tUas. Cussen ar an bPríomh-Phleanálaí sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus tá páirt lárnach imeartha aige i raon leathan beartas náisiúnta pleanála a fhorbairt, lena n-áirítear an Creat Náisiúnta Pleanála a foilsíodh ní ba luaithe i mbliana mar chuid de Éire 2040 – An Tionscadal. D’oibrigh sé roimhe sin sa Bhord Pleanála, i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gComhairle Chontae na Mí, i gComhairle Contae an Chláir agus i gComhairle Contae Ros Comáin. Is céimí Eacnamaíochta agus Tíreolaíochta de chuid Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, é agus bhronn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dioplóma in Innealtóireacht Timpeallachta air. Chomh maith leis sin, bhain sé Céim Máistreachta i bPleanáil Réigiúnach agus Uirbeach amach as an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt an tAire Murphy: “De réir mar a chuirimid Oifig an Rialaitheoir Pleanáil ar bun, tá ríméad orm go bhfuil an Rialtas in ann iarraidh ar dhuine atá chomh cumasach ó thaobh taithí agus saineolais de is atá an tUasal Cussen dul i gceannas ar an Oifig le linn a luathbhlianta múnlaitheacha tábhachtacha. Is é atá i Rialálaí Pleanála a cheapadh ná céim thábhachtach i dtreo a chinntiú go nglacfar cur chuige fónta inbhuanaithe i leith na pleanála in Éirinn sna blianta atá le teacht. Is ceapachán tráthúil é toisc cur chun feidhme an Chreata Náisiúnta Pleanála a bheith ag pointe cinniúnach mar go bhfuil pleananna a eascróidh as an gcreat le déanamh ag tionóil réigiúnacha agus ag údaráis áitiúla sa bhliain atá le teacht. Tá an tUas. Cussen breá-ábalta tabhairt faoi ról an Rialálaí Pleanála agus guím gach rath air ar fud na míonna agus na mblianta romhainn.”

Ceann de na príomh-mholtaí a rinneadh i mBinse Mahon ba ea Rialálaí Pleanála neamhspleách a cheapadh a dhéanfadh maoirseacht ar an gcóras pleanála in Éirinn. Foráladh do bhunú Oifig an Rialálaí Pleanála faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018.

Beidh Oifig an Rialaitheoir Pleanáil freagrach as measúnú a dhéanamh ar an réamhphleanáil ar fad a dhéanann údaráis áitiúla agus tionóil réigiúnacha, lena n-áirítear cinntí ar chriosú. Cinnteoidh an Rialálaí freisin go mbeidh údaráis phleanála ag oibriú de réir na gcaighdeán ionracais agus dea-chleachtais is airde, rud a thabharfaidh muinín don phobal go mbítear ag déanamh cinntí tábhachtacha pleanála ar aon dul leis an mbeartas náisiúnta. Beidh de chumhacht ag an Rialálaí athbhreithniú a dhéanamh ar an eagrúchán, na córais agus na nósanna imeachta a mbaineann aon údarás pleanála nó an Bord Pleanála úsáid astu. Chomh maith leis sin, beidh de chumhacht ag an Rialálaí comhairle a chur ar an Aire maidir le cé acu atá nó nach bhfuil plean de chuid údaráis áitiúil ag teacht salach ar an mbeartas náisiúnta pleanála agus a mholadh go ndéanfadh an tAire orduithe i gcás nach bhfuil plean ar leith ag comhlíonadh an bheartais náisiúnta. De bhreis air sin, déanfaidh Oifig an Rialálaí Pleanála cláir náisiúnta taighde, oideachais agus faisnéise poiblí a bhrú chun cinn chun béim a leagan ar an ról atá ag an bpleanáil agus ar na buntáistí a ghabhann léi.