An chéad Ráiteas Straitéise foilsithe ag an OPR

Tá an chéad Ráiteas Straitéise foilsithe ag Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) i gcomhréir le hAlt 31T den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú.

Leagtar amach sa Ráiteas spriocanna, gníomhartha agus garspriocanna na hOifige de réir mar a bhaineann an Oifig a sainordú amach. Is é 2019-2024 an tréimhse a chlúdaítear.

Léigh an Ráiteas Straitéise

Maidir leis an OPR

Is é cuspóir an OPR maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeabhas leanúnach atá á chur ar phróiseas pleanála na hÉireann agus ar na torthaí a bhaineann leis trí bheith chun cinn maidir le cur i bhfeidhm beartas pleanála ar fud na leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a chomhordú, bonn eolais níos láidre a fhorbairt, chomh maith le athbhreithnithe rialta a chinntiú maidir le feidhmíocht in údaráis áitiúla agus sa Bhord Pleanála.