Tionscadal Taighde Coimisiúnaithe ag an OPR

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR), i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil (DHPLG), tagtha i bpáirt le cuibhreannas coimisiúnaithe ina gcuimsítear Rialtas na hÉireann, na hAlban, na Breataine Bige agus Shasana d’fhonn taighde a dhéanamh atá dírithe ar na torthaí is tábhachtaí sa phleanáil spásúlachta, mar aon le bealaí indéanta chun iad a thomhas, a aithint.

Tríd an taighde, déanfar iniúchadh ar mar is féidir le húdaráis áitiúla agus rialtais náisiúnta dul níos faide ná meadaracht shimplí, mar shampla, an luas ina bpróiseáiltear iarratais agus líon na dtithe nua a chuirtear ar fáil, tríd an sprioc ar deiridh chun bearta maidir le torthaí agus foireann uirlisí monatóireachta a chur ar fáil ar féidir le húdaráis áitiúla a ghlacadh agus a oiriúnú ar fud na Ríochta Aontaithe agus ar fud na hÉireann.

Is í Institiúid Ríoga na bPleanálaithe Bailte (RTPI) a bheidh i gceannas ar an tionscadal, chomh maith leis sin tá Iarratas ar Thairiscintí ag an Institiúid (ITT). Cuirtear fáilte roimh iarratais ó chuibhreannais a bhfuil réimse saineolais agus eolais acu faoi náisiúin éagsúla. Is mian leis an OPR saineolaithe as Éirinn a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas. Is é 9am Dé Luain an 25 Samhain an sprioc-am do thograí.

Ba chóir aon cheisteanna maidir leis an ITT nó rialachas a dhéanamh go díreach chuig an RTPI.