Síneadh 19 lá curtha le tréimhse rannpháirtíochta poiblí maidir leis an gcóras pleanála

D’aontaigh an Rialtas, ar iarratas ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., ordú a dhéanamh, a bhfuil mar éifeacht leis síneadh 19 lá breise a chur leis na tréimhsí rannpháirtíochta poiblí go léir sa chóras pleanála, go dtí an 9 Bealtaine 2020, an dáta sin san áireamh.

Sonraíodh, in Ordú an Rialtais roimhe seo, agus a cuireadh i bhfeidhm an 29 Márta, go dtiocfadh deireadh leis an tréimhse sínidh sin an 20 Aibreán 2020. Ciallaíonn an cinneadh seo go bhfuil síneadh eile curtha leis an gcéad síneadh 23-lá maidir le tréimhsí rannpháirtíochta poiblí sa chóras pleanála, mar sin is 42 lá nó 6 seachtainí an tréimhse sínidh iomlán anois.

Is féidir ráiteas an Aire ar fad a léamh ANSEO

Chomh luath agus a chuirtear in iúl don OPR go bhfuil athrú ar bith déanta ar spriocdhátaí údarás áitiúil ar leith cuirfimid an t-eolas sin ar fáil.

Cé go bhfuil cruinnithe poiblí agus Comhairle chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn pleananna curtha ar fionraí, agus cúis mhaith leis sin, táthar ag leanúint d’obair sa chúlra maidir le taighde, dréachtú agus ullmhúchán agus táthar ag moladh go gníomhach don phobal an t-am atá acu a úsáid agus leanúint de bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála, aighneachtaí a dhéanamh trí thairseacha comhairliúcháin na n-údarás áitiúil ar líne nó sin a dhéanamh i scríbhinn.

Is féidir sonraí maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin beo a fháil ar https://www.opr.ie/evaluation-of-statutory-plans/