Eolas a Sholáthar do Bhaill an Oireachtais

Aithníonn Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) baill an Oireachtais mar phríomhpháirtithe leasmhara inár Ráiteas Straitéise.

Dá réir sin, tá cuntas r-phoist ar leith againn le húsáid ag baill an Oireachtais i dtaca le hiarratais ar eolas is féidir leo a chur ag am ar bith chuig an Oifig: oireachtas@opr.ie

Tugann OPR tosaíocht do dhéileáil la hiarratais eolais ó bhaill an Oireachtais. Tabharfar admháil ar iarratais dá leithéid laistigh de thrí lá oibre agus obreoimid le freagra substainteach a sholáthar laistigh de 15 lá oibe.

Chun trédhearcachtna dhearbhú déanfaidh OPR, más cuí, machnamh naidir leis na freagraí ar iarratais ar eolas ó bhaill an Oireachtais a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin.