slide background

Bileoga Pleanála

D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála agus anRoinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sraith de bhileoga pleanála a phléann le gach gné den chóras pleanála. Leis na bileoga seo clúdaítear raon leathan de shaincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a chur isteach, conas achomharc pleanála a dhéanamh, riachtanais i dtaca le hathrú úsáide, síntí le foirgnimh, garáistí, botháin teaghlaigh, forbairt talmhaíochta, etc. Tá na bileoga ar fáil saor in aisce thíos anseo agus ó d’údarás pleanála áitiúil.

Séanadh: Cé gur glacadh gach cúram agus an bhileog eolais phleanála seo á hullmhú, ní ghlacann Oifig an Rialaitheora Pleanála aon fhreagracht agus ní thugann aon bharántas as cruinneas, iomláine nó nádúr cothrom le dáta na faisnéise a thugtar agus ní ghlacann aon dliteanas ag éirí as aon earráid nó easnamh. Tabhair fógra faoi aon earráid nó easnamh agus aon tuairim le r-phost chuig info@opr.ie