Leas-Rialaitheoir Pleanála Ceaptha

Tá Anne Marie O’Connor ceaptha ina Leas-Rialaitheoir Pleanála agus Stiúrthóir Measúnachta maidir le Pleananna na nÚdarás Áitiúil in Oifig an Rialaitheora Pleanála.

Beidh sí freagrach as pleananna forbartha na n-údarás áitiúil, pleananna limistéar áitiúil, agus athruithe orthu sin ar fad a mheas, mar aon le bheith freagrach as aon athbhreithniú nó leasuithe i ndáil le straitéisí eacnamaíochta agus spáis réigiúnaigh.  Is é is aidhm leis na measúnachtaí seo ná a chinntiú go bhfuil na pleananna ag teacht le beartais náisiúnta agus réigiúnacha iomchuí agus pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a chur ar fáil.

Tá breis is 20 bliain taithí ag Anne Marie ina pleanálaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.  Sular thosaigh sí ag obair leis an OPR in 2020, bhí Anne Marie ag obair ina Leas-Stiúrthóir Pleanála sa Bhord Pleanála agus bhí sí freagrach as achomhairc phleanála a bhainistiú agus a mhaoirsiú agus le déanaí threoraigh sí an fhoireann um Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh agus Timpeallachta. Roimhe sin bhí sí ina Cigire Pleanála Sinsearach leis an mBord. D’oibrigh sí ina pleanálaí le húdaráis phleanála sa Ríocht Aontaithe agus san earnáil phríobháideach in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon.

Chomh maith le Máistreacht sa Phleanáil Uirbeach agus Réigiúnach a bheith aici ó UCD (1996) tá céim ag Anne Marie san Eacnamaíocht (UCD, 1994), Máistreacht sa Bhainistíocht Phoiblí (IPA, 2013) agus tá dioplóma i mBainistíocht EIA agus SEA (UCD 2010), agus dioplóma sa Dlí Pleanála agus Timpeallachta (King’s Inn, 2019) aici. Is comhalta d’Institiúid Pleanála na hÉireann í Anne Marie.