OPR Logo

Dátaí sínidh maidir le comhchomhairliúchán poiblí leasaithe ag Ceithre Chomhairle

Tá athbhreithniú déanta ag ceithre údarás áitiúil maidir lena spriocdhátaí i ndáil le comhchomhairliúchán poiblí i ndiaidh chinneadh an Rialtais síneadh 19 lá breise a chur leis na tréimhsí rannpháirtíochta poiblí go léir sa chóras pleanála, go dtí an 9 Bealtaine 2020, an dáta sin san áireamh.

Sonraíodh, in Ordú an Rialtais roimhe seo, agus a cuireadh i bhfeidhm an 29 Márta, go dtiocfadh deireadh leis an tréimhse sínidh sin an 20 Aibreán 2020. Ciallaíonn an cinneadh seo go bhfuil síneadh eile curtha leis an gcéad síneadh 23-lá maidir le tréimhsí rannpháirtíochta poiblí sa chóras pleanála, mar sin is 42 lá nó 6 seachtainí an tréimhse sínidh iomlán anois.

Cé go bhfuil cruinnithe poiblí maidir le pleananna curtha ar fionraí, is féidir leat páirt a ghlacadh go gníomhach sa phróiseas pleanála agus is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh via tairseach ar líne an údaráis áitiúil nó i scríbhinn, agus is féidir na sonraí chun seo a dhéanamh a fháil ach cliceáil ar na naisc thíos.

Leagann pleananna forbartha contae agus limistéir áitiúil an straitéis maidir le fás agus forbairt limistéar áitiúil amach anseo amach.  Téann siad i ngleic le saincheisteanna a mhúnlaíonn atá i ndán go fadtéarmach do limistéar lena n-áirítear saincheisteanna mar thithíocht, seirbhísí uisce, fuinneamh, iompar, athrú aeráide agus an timpeallacht.

Is é an cuspóir atá le hathruithe ná uasdátú nó leasú a dhéanamh ar phleananna atá ann cheana.

Trí aighneacht a dhéanamh ar pháipéar saincheisteanna, ar athrú nó ar dhréacht-phlean forbartha chontae tá páirt ghníomhach glactha agat i do phobal agus tá tú ag cuidiú lena bhfuil i ndán dó a mhúnlú.

*Tabhair ar aird le do thoil go bhfeadfaí síneadh(síntí) eile a chur leis na dátaí atá tugtha i ndáil le hOrdú Airí.

An tÚdarás Pleanála Teideal Tús na

tréimhse comhchomhairliúcháin

Spriocdháta comhchomhairliúcháin bunaidh Spriocdháta comhchomhairliúcháin nua *
Comhairle Chontae Lú: (Ath-fhógairt)
Athrú beartaithe Uimh. 2 ar Phlean Forbartha Chontae Lú 2015-2021
24 -Márta-20 27-Aibreán-20 08-Meitheamh-20
Comhairle Chontae na hIarmhí >> Dréacht-Phlean Forbartha Chontae na hIarmhí 2021-2027 28-Feabhra-20 05-Bealtaine-20 16-Meitheamh-20
Comhairle Chontae Chorcaí >> Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022-2028 12-Márta-20 07-Bealtaine-20 18-Meitheamh-20
Comhairle Chontae Ros Comáin >> Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Chontae Ros Comáin

2021-2027

27-Márta-20 05-Meitheamh-20 17-Iúil-20