An chéad chruinniú ag an nGrúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta curtha i gcrích

Tá an chéad chruinniú curtha i gcrích ag comhlacht comhairleach nua a chuideoidh chun roinnt den obair an OPR a mhúnlú agus a stiúradh.

Gníomhóidh an Grúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta ina bhord comhairleach don OPR d’fhonn a shainordú reachtúil i ndáil le hoideachas, taighde agus oiliúint a bhaint amach.

Cuimsítear sa Ghrúpa saineolaithe ó institiúidí tríú leibhéal, údaráis phleanála, cumainn ionadaíochta pleanála agus comhlachtaí stáit ábhartha.

Tá sé riachtanach, faoi shainordú reachtúil an OPR, go mbeadh cothromaíocht éifeachtach i gceist i ndáil le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde, oiliúna agus oideachais trína mbaintear amach riachtanais mar atá ann faoi láthair agus atá eolach ar riachtanais eolais amach anseo freisin.

I Ráiteas Straitéise an OPR, leagadh béim ar cheithre réimse fócais ar dtús:

  • Clár taighde pleanála maidir le pleanáil straitéiseach a chur ar fáil
  • Naisc a éascú idir gníomhaireachtaí a bhfuil riachtanais oideachais, oiliúna nó taighde acu le comhlachtaí a d’fhéadfadh a bheith in ann an obair a dhéanamh
  • Eolas a scaipeadh ar lucht spéise níos leithne maidir leis na bunAn chéad chruinniú ag an nGrúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta curtha i gcríchAn 19 Nollaig, 2019

    Tá an chéad chruinniú curtha i gcrích ag comhlacht comhairleach nua a chuideoidh chun roinnt den obair an OPR a mhúnlú agus a stiúradh.

    Gníomhóidh an Grúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta ina bhord comhairleach don OPR d’fhonn a shainordú reachtúil i ndáil le hoideachas, taighde agus oiliúint a bhaint amach.

    Cuimsítear sa Ghrúpa saineolaithe ó institiúidí tríú leibhéal, údaráis phleanála, cumainn ionadaíochta pleanála agus comhlachtaí stáit ábhartha.

    Tá sé riachtanach, faoi shainordú reachtúil an OPR, go mbeadh cothromaíocht éifeachtach i gceist i ndáil le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde, oiliúna agus oideachais trína mbaintear amach riachtanais mar atá ann faoi láthair agus atá eolach ar riachtanais eolais amach anseo freisin.

    I Ráiteas Straitéise an OPR, leagadh béim ar cheithre réimse fócais ar dtús:

    • Clár taighde pleanála maidir le pleanáil straitéiseach a chur ar fáil
    • Naisc a éascú idir gníomhaireachtaí a bhfuil riachtanais oideachais, oiliúna nó taighde acu le comhlachtaí a d’fhéadfadh a bheith in ann an obair a dhéanamh
    • Eolas a scaipeadh ar lucht spéise níos leithne maidir leis na buntáistí agus éachtaí a bhaineann le pleanáil
    • Pointe acmhainne ar líne maidir le heolas agus oiliúint pleanála atá éasca a theacht air a fhorbairt.

    táistí agus éachtaí a bhaineann le pleanáil